Morshuil 2015

 

Mórshiúl Là ‘le Pádraig na Bruiséile

Brussels Saint Patrick’s Day Parade

Défilé de la Saint Patrick de Bruxelles

Saint Patrick’s Dag Parade van Brussel

Screen Shot 2015-03-03 at 18.15.23

Na cuspóirí atá leis an Mórshiúl

  1. Is ceiliúradh é an Mórshiúl ar shaol Naomh Pádraig, pátrún ar Éirinn agus is féile náisiúnta atá ann an 17 Márta agus féile a dhéantar a cheiliúradh idtíortha éagsúla ar fud an domhain.
  2. Chun Oidhreacht Chríostaí agus Cheilteach na hÉireann agus a sochaí ilchultúrtha nua-aimseartha a cheiliúradh mar aon leis an tionchar a bhí agusatá fós ag an Oidhreacht seo ar an Eoraip agus ar an Domhan. Chun aird daoine a dhíriú ar an ról tábhachtach atá ag Éirinn agus ag a muintir san Eoraip ó 561 AD ar aghaidh i gcúrsaí sóisialta, eacnamaíocha, cultúrtha, daonlathais, reiligiúin agus eolaíocha.
  3. An ceangal fada stairiúil idir Éire agus an Bheilg a threisiú. Tá ceangal fada idir Éire agus an Bheilg mar atá sí inniu, ó aimsir na manach a tháinig ó Éirinn agus a lonnaigh anseo sa 7ú agus san 8ú haois, le bunú Choláiste na hÉireann sa Lováin i 1607 agus le ballraíocht na hÉireann i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i 1973.
  4. Ionas nach ndéanfar dearmad ar an tuairim is 100,000 saighdiúir Éireannach, ná ar shaighdiúirí de shliocht na nÉireannach, i bhfórsaí nagComhghuaillithe a fuair bás agus saoirse á baint amach don Bheilg sa Chéad Chogadh agus sa Dara Cogadh Domhanda. Chun aitheantas a thabhairt don mhéid atá déanta ag na hÉireannaigh agus ag na Beilgigh ar mhaithe leis an tsíochánaíocht agus do na róil dhaonchairdiúla atá ag an dá náisiún snaNáisiúin Aontaithe, san Aontas Eorpach agus i gComhpháirtíocht na Síochána.
  5. An 15,000 duine de phobal na hÉireann sa Bheilg a spreagadh agus an ceangal idir iad agus saoránaigh eile na Beilge agus an Phobail Idirnáisiúnta sa Bheilg a threisiú agus teagmháil a chruthú leis na pobail eile seo ionas go nglacfaidh siad páirt sa cheiliúradh seo agus cuireadh a thabhairt do gach uiledhuine dath glas nó uaine a chaitheamh mar shiombail den cheiliúradh seo ar Éirinn. Chun an ghné idirnáisiúnta den Mhórshiúl a léiriú, beidh meascán de chúig náisiúnach ar a laghad ar an gCoiste eagrúcháin.  Is é an Téama a bheidh againn don Mhórshiúl “Green in Europe and Growing”
  6. Gaol níos láidre ar bhonn socheacnamaíoch agus cultúrtha idir Éire agus an Bheilg a chur chun cinn. In 2007 ba í an Bheilg an tríú comhpháirtí trádála is mó a bhí ag Éirinn.
  7. Eagrófar an Mórshiúl i gcomhcheangal le Lá Spóirt agus Teaghlaigh agus beidh sé ina chuid de shraith imeachtaí cultúrtha a bheidh ar siúl sa Bhruiséilar feadh seachtaine faoin ainm “Irish in Europe Week – Seachtain na hÉireann san Eoraip”. Tabharfaidh an tSeachtain sin deis cultúr na hÉireann armhór-roinn na hEorpa a chur ar taispeáint agus ar stáitse sa Bhruiséil.
  8. Déanfaidh Coiste an Mhórshiúil gach iarracht an Bhruiséil a chur chun cinn mar chathair turasóireachta agus tá súil go mbeidh an Chéad Mhórshiúl riamh Lá Fhéile Pádraig i bPríomhchathair na hEorpa clúdaithe ag na meáin ar fud an domhain. Cruthóidh Coiste an Mhórshiúil naisc leis na 70 milliún duine de phobal na hÉireann atá scaipthe ar fud an domhain agus go háirithe leis an bPobal Éireannach i gCathracha atá nasctha leis an mBruiséil chun gaol sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha níos láidre a chothú ar mhaithe leis an mBruiséil féin agus leis an mBeilg.
  9. Ainmneoidh Coiste an Mhórshiúil Limistéar ar leith i gceantar Schuman sa Cheathrú Eorpach ar a dtabharfar an Sráidbhaile Éireannach/Irish Village, áita mbeidh go leor imeachtaí cultúrtha ar siúl le linn Sheachtain na hÉireann san Eoraip. Ceaptar go ngabhfaidh cúrsa an Mhórshiúil tríd an SráidbhaileÉireannach seo.